← Lá amháin, tháinig an bheirt acu isteach ag a máthair agus d'iarr siad uirthi toirtín a dhéanamh daofa, nó go raibh siad ag imeacht. 🔊
← Rinne an mháthair amhlaidh, agus d'imigh an bheirt leo. 🔊
← D'iarr sí ar a máthair ansin toirtín a dhéanamh di, ná go raibh sise ag imeacht fosta. 🔊
← Rinne an mháthair an toirtín agus d'imigh sí léi. 🔊
← I lár na hoíche, nuair a bhí deireadh ina gcodladh, d'éirigh Máire agus chuir sí na ribíní ar an triúr acu féin. 🔊
← D'éirigh an fathach go luath ar maidin, agus mharaigh sé na trí iníon féin, mar shíl sé gur an triúr eile a bhí ann. 🔊
← D'éirigh Máire ansin, agus d'imigh sí féin agus a dá dheirfiúr leo. 🔊